An Liom í an Ghaeilge? Is Irish my language?

Smaointe doimhne ag teacht, a chairde… ullmhaígí sibh féin! 🙂

Chuir cara an cheist seo ar na mallaibh, agus sílim gur ceist iontach suimiúil í… an leat an Ghaeilge? An gcreideann tú gur cainteoir Gaeilge tú?

Bhuel, creidim gur cainteoir Gaeilge mé, cinnte, cé nach bhfuil mé chomh líofa agus ba mhaith liom a bheith. Ach, an liom í an Ghaeilge? Chan go fóill, déarfainn. Ach cad chuige? Mar rud amháin, níl mé líofa sa Ghaeilge go fóill… b’fhéidir nuair a bheas mé níos fearr sa Ghaeilge agus nuair a bheas sí ar mo thoil agam, beidh mé compórdach ag rá gur liom í.

Ach tá rud eile ann… ní Éireannach mé. An féidir liom a rá riamh, mar sin, gur liom í an Ghaeilge? Caidé faoin Spáinnis… labhraim Spáinnis go maith, an liom í an Spáinnis? Níl, mar ní chaithim mo shaol fríd mheán na Spáinnise. Dá gcaithfinn mo shaol i Spáinnis, an mbeadh liom í? B’fhéidir. Ach nach bhfuil sé suimiúil go bhfuil cúis difriúil agam maidir leis an Spáinnis ná atá agam leis an Ghaeilge? Leis an Ghaeilge, is ceist féiniúlachta í. Leis an Spáinnis, is ceist úsáide í. Cad chuige? Mar is ábhar mór é an féiniúlacht leis an Ghaeilge… tuigtear rud éigin fút má labhraíonn tú Gaeilge, agus níl mé in ann é a chur i bhfocail faoi láthair, ach beidh mé ag coinneáil mo shúile air.

Tharla rud suimiúil domh nuair a bhí muid i dTír Chonaill… nuair a bhí mé ag caint le duine i dteach tábhairne, d’inis sé domh go raibh blas Meiriceánach ar mo chuid Gaeilge. Ag an am sin, bhí an-díomá orm é sin a chluinstin… bhí mé ag iarraidh blas Thír Chonaill ar mo chuid Gaeilge, agus i gceann 30 soicind, bhí a fhios ag an duine seo gur Meiriceánach mé ón bhlas a bhí agam. Nuair a luaigh mé é seo do Jonathan agus do Mhaitiú, dúirt Maitiú rud iontach domh. Dúirt sé nach gcóir náire a bheith orm fá dtaobh de bhlas Meiriceánach… is Meiriceánach mé! Ba chóir domh bheith bródúil as mo dhuchas, go háirithe mar chainteoir Ghaeilge. Anois, aointaim leis sin (cé nach bhfuil mé róshasta le mo chuid Gaeilge faoi láthair), ach fós ní mhothaím gur liom í an Ghaeilge mar mothaím gur cuairteoir mé in Éirinn, go bunúsach, agus ní féidir cuairteoir gné cultúir a ghlacadh suas chomh furasta ná dúchasach na hÉireann.

Mar sin, beidh le feiceáil an liom í an Ghaeilge, nó an mbeidh liom í le níos mó ama caite isteach uirthi. Coinneoidh mé intinn foscailte fá dtaobh de, agus le cuidiú Dé beidh mé níos compordaí a rá gur liom í lá éigin.

Oíche mhaith,

Amanda

_____________________________________________________________________________________________

Deep thoughts ahead folks, be prepared! 🙂

A friend put this question to me recently, and I think it’s a really interesting question… is Irish your language? Do you believe that you’re an Irish speaker?

Well, I do believe that I’m an Irish speaker, for sure, even though I’m not as fluent as I’d like to be. But is Irish mine? Not yet, I’d say. But why? For one thing, I’m not fluent in Irish yet… maybe when I’m better in Irish and I can use it at will, I’ll be more comfortable to say that it’s mine.

But there’s another thing there… I’m not Irish. Can I ever say, therefore, that Irish is my language? What about Spanish… I speak Spanish pretty well, is it mine? No, because I don’t live my life through Spanish. If I were to spend my life in Spanish, would it be mine? Maybe. But isn’t it interesting that I have a different reason for Spanish than I do for Irish? With Irish, it’s a question of identity. With Spanish, it’s a question of use. Why? Because identity is a big issue with Irish… a certain thing is understood about you if you speak Irish, but I’m not able to put that thing into words just yet… I’ll keep my eye out for it.

An interesting thing happened to me when we were in Donegal… when I was chatting with somebody in a pub in Irish, he told me that I had an American flavor to my Irish. At that time, I was really disappointed to hear that… I was wanting to speak Irish with a Donegal accent, and in 30 seconds this guy knew that I was an American from the accent I had speaking Irish. When I mentioned this to Jonathan and Maitiú, Maitiú said something wonderful to me. He said that I shouldn’t be ashamed of an American accent… I’m an American! I should be proud of my heritage, especially because I’m an Irish speaker. Now I agree with that (even though I’m not too happy with my Irish at the moment), but I still don’t feel like Irish is my language, because essentially I feel like I am a visitor in Ireland, and a visitor can’t adopt a cultural element as easily as a native of Ireland.

And so it remains to be seen whether Irish is my language, or if it will be with more time spent on it. I’ll keep an open mind about it, and hopefully I’ll be more comfortable saying it is mine some day.

G’night,

Amanda

Advertisements

5 thoughts on “An Liom í an Ghaeilge? Is Irish my language?

  1. Hi, a Jonathan agus Amanda,
    Tá mé díreach tar éis sínigh suas ar bhur blag… mo chéad bhlag riamh! Coinnigh suas leis an obair dian- is inspioráid sibh dom!! 🙂 Nuair a léigh mé an slíocht faoin bhlas Meiriceánach, chinn mé a bheith ag scríobh. Tá sibh iontach ar fad! 🙂
    Tá mé díreach tar éis dhá mhí caite in Éirinn an samhradh seo, agus ghlac mé páirt i gcomhdháil go hiomlán trí Gaeilge, ach ní raibh an Ghaeilge an t-ábhar den chomhdháil. Ba mise an Mheiriceánach amháin i láthair. Bhí na daoine ansin chomh cairdiúil agus flaithiúil liom. Uair amháin, bhí mé ag freagairt ceist cosúil de… “Cén fáth a bhfuil tú ag foghlaim an teanga?,” agus tar éis soicind nó dhó a bheith ag labhairt, dúirt an fear isteach liom (agus leis na daoine eile): “Is breá liom an blas Meiriceánach a chloisteáil i nGaeilge!” Bhí náire orm ar dtús, ach ba léir go raibh sé, agus na daoine eile, chomh sásta a bheith in éineacht liom, agus líon mé sin le buíochas de na daoine ansin chomh maith. Dúirt a lán daoine liom go bhfuil buíochas agus an-mheas agaibh go bhfuilimid i láthair, ag foghlaim an teanga. Agus tá guth spéisiúil againn chomh maith. Bíonn sé éasca dom spreagadh na daoine timpeall orm a bheith ag labhairt Gaeilge liom, má tá fonn oraibh ar chor ar bith, mar níl mé scanrúil in aon chor. An raibh aon taithí agaibh cosúil leis sin? Ba bhreá liom scéalta a chloisteáil!

    Tá sé an-deas bhur blag a léamh! Go n-éirí go geal libh leis an gcúrsa!
    Jessica

    • jhohlkennedy says:

      A Jessica, a chara,

      Go raibh maith agat as do nóta, tá sé iontach le chluinstin uait! Cá háit a raibh tú in Éirinn an samhradh seo caite? Tá Gaeilge an-mhaith agat agus tá áthas orainn a léamh go raibh fáilte romhat in Éirinn le do chuid Gaeilge.

      ‘S ea, bhí an scéal ceanna againne nuair a bhí muid sa Ghaeltacht, ag labhairt Gaeilge le daoine agus ag déanamh iarracht a bheith gan Bhéarla ar chor ar bith. Mar a dúirt mé, chuala na hÉireannaigh ár mblas Meiriceánach, ach tá ceart agat go raibh an-áthas orthu go raibh muid ag foghlaim/labhairt Gaeilge agus tá súil agam gur spreag muid daoine eile í a labhairt.

      Tá áthas orainn gur maith leat an blag seo, agus tá súil againn go mbeidh sé suimiúil duit agus do dhaoine eile atá ag foghlaim na Gaeilge. Má tá aon cheist/ráiteas agat le roinnt, cuir orainn í/é, le do thoil!

      Le dea-ghuí,

      Amanda

  2. Mark Bodah says:

    Is cuimhin liom nuair a bhíos fhéin i mBaile an Fhéartéaraigh, is cuimhin liom an mothú sin–faoi díoma mar gheall ar mo chud Gaeilge. Bhí a lán daoine ann a raibh sí ó dhúchas acu! Ach bhí Éireannaigh ann nach raibh chomh líofa ná mise. So ná bíodh imní oraibh a chairde. Is slí chun cumersáide a dheanamh í an Ghaeilge. sin a méid, sa deireadh.

    An cuimhin leat nuair a chur tú tús le foghlaim an fhidile? ní raibh “líofacht” agat le tamaill is dóigh. ach lean tú leis agus anois is fidléir iontach thú! Tiocfaidh an líofact sa Ghaeilge dé réir a chéile!

  3. Mark Bodah says:

    rud amháin faon Ghaeilge agus féiniúiliocht ná go mbímid ag labhairt na Gaeilge mar tá grá againn uirthí–níl aon ghá í a labhart. Tá Béarla ag geall do gach éinne in Éire. Is ábhar grá, bróid, srl, go bhfuil sí againn. Leis an Spainis, mar shampla, tá neart daoine a bhfuil Spainis acu, ach níl aon Béarla acu ar bith. Go ginearalta, má tá duine ag foghlaim na Spainise, tá gá acu intí. an dtuigeann tú mé? an bhfuil ciall agam?

    mar sin, mothim féin go bhfuil an Ghaeilge ‘ag’ éinne a togann an t-am í a fhoghlaim. is cuma an bhfuil aon líofacht áraithe acu, is cuma an bhfuil an duine sin in Éirinn. ach, sin mise–b’fhearr liomsa bheith “inclusive” seachas “exclusive.”

    sin mo thuairimse. 🙂

    • jhohlkennedy says:

      Aointaim leis sin, a chara, maith thú as focail a chur air. Is rogha é ag duine an Ghaeilge a labhairt sa lá atá inniu ann, gné nach bhfuil i láthair i gcónaí leis na teangacha. Sin an fáth a bhfuil an méid sin iontais ar dhaoine go bhfuil muid á foghlaim, déarfainn.

      Tá a fhios agam go mbeidh muid níos fearr i gceann tamaill, agus níl mórán fáitís orm fá sin, ach tá sé deacair a bheith foighneach leis an úafás oibre atá romhainn… Ach, go raibh maith agat as an tacaíocht agus an comhairle. 🙂

      Agus go raibh maith agat as ráitis a chur ar an bhlag seo, sin an rud atá mé ag iarraidh. Coinnigh i dul, más féidir, is breá liom na rudaí seo a phlé le daoine!

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s