Tír Chonaill Abú!!!!

Tá muid díreach i ndiaidh ag amharc ar an fhoireann Dhún na nGall ag baint an chluiche phéil Gaelach in aghaidh Corcaí! Cluiche iontach a bhí ann, agus cé nach bhfuil mórán taithí againn a bheith inár lucht leanúna maidir le cúrsaí spóirt, bhí an-áthas agus an-sceitimíní orainn nuair a chonaic muid an bua a bhí acu. Níor bhain an fhoireann Dún na nGall an craobhchomórtais seo ar feadh ocht mbliana anuas, agus níl ach cluiche amháin le bhaint acu a bheith ina gcuradh… beidh siad ag imirt in aghaidh an oiread Baile Átha Cliath nó Maigh Eo an tríú lá fichead de mhí Meán Fómhair. Seans go mbeidh muid ann?

Caithfidh mé é a rá, tá péil Gaelach i bhfád níos suimiúla ná an formhór spóirt a chonaic mé i Meiriceá (ar ndóigh, ní ráiteas mór é sin, mar ní bhím ag leanúint cúrsaí spóirt ar chor ar bith sa bhaile…). Tá sé iontach sciobtha, tá na imreoirí chomh aclaí, agus tá an cluiche thart sula bhfuil seans agat leadrán a bheith ort! Is maith liom go mbíonn na imreoirí in ann greim a fháil ar an liathróid lena lámha, chomh maith le bheith ag baint úsáid as a gcosa… bogann an cluiche ar aghaidh níos gasta leis sin, dar liom. Agus de réir Marian, cé go bhfuil an spórt seo mar reiligiún do dhaoine áirithe, ní bhíonn nimh i láthair idir na luchtanna leanúna i ndiaidh na cluichí… is maith liom é sin. Bí dílis don fhoireann a leanann tú, ach ag deireadh an lae níl ann ach cluiche!

(Mura bhfuil a fhios agat faoi na rialacha i bpéil Gaelach, caith súil ar seo: http://en.wikipedia.org/wiki/Gaelic_football)

Whew… tá sé corraitheach fós. Tá a fhios agam go mbeidh Marian agus Maitiú ag ceiliúradh anocht i mBaile Átha Cliath, agus achan duine eile faoin spéir Éireannach leo! Anois, ceiliúrfaidh mise le bheith ag déanamh píosa dinnéir dúinn (maicréal úr a fuair ár gcomharsa béal dorais inniú ón fharraige, piseanna agus rís, yum!). Deir daoine go mbíonn an t-iasc go maith don inchinn… tá súil agam go bhfuil ceart acu agus bo mbeidh muid inár saineolaíthe don scrúdú amarach! 🙂

Tír Chonaill Abú!

Amanda

We’ve just finished watching the Donegal team win against Cork in a Gaelic football match! It was an awesome game, and even though we’re not very experienced sports fans, we were really glad and excited to see them win. The Donegal team hasn’t won this championship for eight years now, and now they only have one more game to go to be the champions… they’ll be playing against either Dublin or Mayo the 23rd of September. Maybe we’ll be there?

I must say, Gaelic football is much more interesting than most sports I have ever watched in America (of course, that’s not saying much because I don’t really follow any sports at home…). It’s very fast, the players are incredibly fit, and the game is over before you have a chance to get bored! I like that players can grab the ball with their hands as well as use their feet… the game moves quicker with that, I think. And according to Marian, even though this sport is like a religion to some, there isn’t any animosity between fans after games… I like that. Be loyal to the team you follow, but at the end of the day it’s just a game!

(If you don’t know the rules of Gaelic football, take a look here: http://en.wikipedia.org/wiki/Gaelic_football

Whew… it’s still exciting. I know that Marian and Maitiú will be celebrating tonight in Dublin, along with everybody else in Ireland! For now, I’ll celebrate by making a nice bit of dinner for us (fresh mackerel that our next-door neighbor got today from the sea, peas and rice, yum!). People say that fish is good brain food… I hope they’re right and that we’ll be experts for tomorrow’s exam! 🙂

Up Donegal!

Amanda

Advertisements

2 thoughts on “Tír Chonaill Abú!!!!

  1. mancirishlang says:

    Tá áthas orm go bhfuil tú ag baint suilt as ár gcluichí is teanga. Uladh abú.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s